Thar ceann Chonradh na Gaeilge fearaim fáilte romhaibh go léir chuig an Aifreann seo, Aifreann Cuimhneacháin do Phádraigín Ní Dhubhluachra. Is breá slua chomh mór bheith i láthair ag an Aifreann ach tá duine amháin in easnamh. Sin Pádraigín féin, a bhíodh i láthair gach maidin Domhnaigh. Táimid anseo ar maidin chun cuimhneamh uirthi agus chun buíochas a ghabháil do Dhia dá saol torthúil.

Ar an 27ú de mhí na Samhna shleamhnaigh Pádraigín uainn isteach sa tsíoraíocht. Cé go raibh sí tinn le tamall agus bhí a fhios againn nach dtiocfadh biseach uirthi baineadh geit asainn nuair a chualamar an nuacht.

Bhí aithne againn go léir ar Phádraigín ar shlí amháin nuair ar shlí eile mar deirfiur, mar deirfiúr céile, mar aintín, mar ghaol, mar chara nó mar chomhghleacaí.

Chaith Pádraigín an chuid is mó dá saol ina cónaí ar Shráid na Feise, in aice le teach an Rútaigh agus le Cúirt na nGrásach agus bhí stair Chill Chainnigh go smior inti. Bhí sí an-bhródúil as a sinseareacht agus as cathair ársa Chill Chainnigh agus gach ar bhain leis. Ghlac sí páirt ghníomhach i saol na cathrach agus chuir sí go mór le saol reiligiún, cultúrtha agus carthanachta an phobail.

Mhúin sí ar feadh tamaill i bPoll a Chapaill agus i Ballyouskill ach chaith sí an chuid is mó dá saol gairmiúil ag múineadh i scoileanna Pharóiste Naomh Cainneach agus bhí ardmheas uirthi mar mhúinteoir agus mar chomhghleacaí. Bhain an diongbháilteacht léi i rith a saoil agus ní raibh eagla uirthi a tuairimí a chur in iúl go daingean, dearfa ach i gcónaí go hurramach.

Chuir sí spéis i saol cultúrtha na cathrach agus ba bhreá léi freastal ar imeachtaí ceoil, drámaíochta, polaitíochta agus léinn. Ghlac sí páirt ghníomhach san INTO, Fine Gael, Conradh na Gaeilge, An Cumann Seandálaíochta, Concern, an Liberal Studies Group, Active Retirement agus Cumann Múinteoirí Scortha Chill Chainnigh. Bhí sí ina Cathaoirleach ar an Liberal Studies Group agus Cumann Múinteoirí Scortha Chill Chainnigh nuair a fuair sí bás. B’iad an dhílseacht, an fuinneamh, an dúthracht, an dáiríre agus a cumas eagrúcháin na tréithe a thaispeáin sí agus í mbun oibre do na heagraíochtaí sin go léir.

Thar aon ghrúpa eile thug sí a croí do Chonradh na Gaeilge agus rinne sí obair fhónta thar na blianta agus chuir sí agus daoine eile cosúil  le Roibéard Ó Ceallaigh, Carrthach Ó Laoghaire, Liam Ó Boilguidhir, Tomás Ó Dubshláine agus Seosamh Ó Cathain, atá go léir imithe ar shlí na fírinne,  an  teanga chun cinn i measc an phobail.  Bhí an Ghaeilge go líofa, anamúil aici agus d’úsáid sí gach deis í a labhairt agus a chur chun cinn. Ba bhreá léi an Ghaeilge a labhairt go poiblí agus ba mhinic í a chloisteáil ag labhairt na Gaeilge ar an mbaile. Fiú, agus í i mbun gnó sna heagraíochtaí eile, ina raibh sí páirteach, labhair sí an Ghaeilge gach deis a fuair sí. Bhí sí ar choiste Chonradh na Gaeilge le blianta agus chaith sí tamall fada mar rúnaí agus seal mar chathaoirleach. Bhí baint nach beag aici le rath agus borradh Chonradh na Gaeilge i gCill Chainnigh agus chuir an dúthracht, an fuinneamh agus an dhílseacht a thaispeáin sí go mór le himeachtaí cosúil le Club na nÓg, na Díospóireachtaí Gaeilge, Daonscoil Osraí, Feis Chill Chainnigh, agus an tAifreann Gaeilge sa Friary. Bhí lámh aici freisin in eagrú Ard Fheis Chonradh na Gaeilge, Cuairt na bhFilí Albanacha, Scoil Merriman, an Fhéile Pan-Cheilteach agus an clár “Trom agus Eadrom” nuair a ritheadh iad i gCill Chainnigh. B’iontach go deo an méid oibre a rinne sí ag eagrú an Aifrinn Gaeilge sa Friary. Níorbh obair réidh é agus ba mhinic í buartha faoi sagart bheith ar fáil chun an tAifreann a léamh. Ba chomhartha omóis agus measa di go raibh trí nó ceithre shagart nó níos mó ar fáil chun a hAifreann Éagnairce a cheiliúradh. Do chéad miorúilt Pádraigín!!

Bhí creideamh láidir ag Pádraigín agus d’fhreastail sí ar Aifreann laethúil. Bhí sí fial, flaithiúil i gcónaí agus d’eagair sí bailiúchán náisiúnta CONCERN i gCill Chainnigh le blianta fada. Rud a rinne sí le cruinneas míleata agus le dúthracht agus chun sochair mhór do Concern.  Chaith sí tamall ag tús a ghairme ag obair le Viatores Christi i Zambia agus b’ iomaí duine ar an mbaile a fuair cabhair agus tacaíocht uaithi. Ba mhinic a bhuail mé léi ar an mbaile ar a bealach chuig an séipéal nó chun gar a dhéanamh do dhuine éigin.

Chuir Pádraigín a hanam sa saol agus fiú nuair a leag an ailse í níor chaill sí a cinnteach, a croíúlacht agus a hacmhainn grinn. Ag tabhairt cuairt uirthi san ospidéal bhí sé soiléir go raibh a corp ag dul i laige ach bhí a hintinn agus a héirim aigne fós géar. Is cuimhin liom, ar cuairt chuici, comhrá faoi mhuintir de Vesci agus chuir sí ionadh orm méid a heolais agus chomh géar is a bhí a hintinn.  Bhí fáilte romhat i gcónaí agus ba bhreá léi a cairde ag teacht ar cuairt, bheith ag caint faoi chúrsaí an tsaoil, na seisiúin ceoil, agus na turasanna go Cill Chainnigh le haghaidh béilí. Ghlac sí lena breoiteacht le misneach agus le dignit agus b’ionspioráid í dúinn go léir. Agus muid fós ag smaoineamh ar laochra 1916, cuimhnímis ar ár laoch féin, Pádraigín, Laoch na Gaeilge anseo i gCill Chainnigh a bhí fial, flaithiúil, agus dílis i gcónaí  dá cairde agus do phobal Chill Chainnigh. Mar a dúirt Antaine Mac Pheadair agus é ag labhairt le Múinteoirí Scortha Chill Chainnigh, “Chailleamar seoid nuair a chailleamar Pádraigín Ní Dhubhluachra.”

Déanaimid comhbhrón ó chroí arís lena deirfiúr, Elizabeth, a deartháir céile Des, a hiníonacha deirfiúr Clare agus Alice, a mic deirfiúr Richard agus Seán , lena gaolta agus a cairde uilig. Solas glé na bhFlaitheas go raibh ar a hanam uasal i measc Ghaeil na hÉireann.

Ár mbuíochas do gach duine a d’fhreastail ar an Aifreann inniu, go háirithe na daoine a tháinig ar turasanna fada. Buíochas don Athair Kieran O’ Shea a léigh an tAifreann dúinn, do na daoine a léigh, don chór agus do na ceoltóirí – Siobhán Keane, Michael Foley, Colm Ó Caoimh agus Nell Ní Chróinín as an gceol iontach a chuir go mór leis an ocáid.

Tá Pádraigín ag féachaint anuas orainn anois agus aoibh gáire ar a haghaidh , í ag ligint osna faoisimh aisti agus ag gabháil buíochais do Dhia go bhfuil an méid sin thart.

 

Donncha Ó Raghallaigh ar son Chonradh na Gaeilge, Cill Chainnigh (http://cnagkilkenny.ie)