imageCuirfear tús le ciorcal comhrá as Gaeilge ar an Luan: 12ú Meán Fómhair 8.00 i.n. – 9.30 i.n. Tá sé i gceist go leanfaidh sé ar feadh ocht seachtaine, is tionólfar é in Árus James Stephens. Beidh costas beag á ghearradh.

Tá sé dírithe ar dhaoine go bhfuil Gaeilge mheasartha acu is gur mian leo í a chleachtadh. Tabharfaidh aoi caint bheag ar ábhar éigin ag an tús, chun sprioc a thabhairt don oíche; cuirfear fáilte ansan roimh comhrá ar an ábhar tofa nó aon cheann eile.

Más mian leat a bheith páirteach, cuir esheoladh go dtí:  moheigeartaigh.css@gmail.comh   nó   ja.behan@gmail.com