Bhailigh grúpa de Chumann Múinteoirí Scortha Chill Chainnigh i teach tabhairne Bollards ar an gCéadaoin, 20 Márta chun Seachtain na Gaeilge a chéiliúradh. Bhí ceol, caint, canadh, aithrisí agus craic den scoth. Míle buíochas do gach duine a ghlac páirt. Bhain gach duine taitneamh as an ócáid agus as na sólaistí a cuireadh ar fáil.